Colm Cillena Feile Ó is mo chairde gaoil gur thréig mé Mar gheall ar mhnaoi is ní bhfuair mé í Is d'imigh sí mar éan bheag Faoi bharra na gcraobh Mar bhí seabhac na coille léithe Sionnach mór Bhinn Éadain Roilleach faoi na sléibhte An naosc is an chearc fhraoigh Málainn, Cúl Iomra Sliabh Gabhra gur shiúil mé D'ansacht ní bhfuair mé Is mo shúile gur dhall Go ndeachaigh mé go múrtha an teampaill Is as sin siar go Laighnibh Go haonach mór Bhinn Éadain Is ní ann a bhí mo ghrá Ach is é Colm Cille na féile A mhúscail as mo néal mé Is a d'aithris domh cén taobh a raibh sí An spéirbhean, ina luí Tá sí i ngleanntán sléibhte A dtig duilliúr glas is eidheann ann Bíonn fáras aici fhéin ann I gconaí di gach am D'éirigh mé den léim sin Is dhearc mé ar gach taobh domh Bhain mé díom m'éide Is mo chlaíomh le mo thaobh Is chuaigh mé go dtí an spéirbhean Gur phóg mé í ina léinidh Is gur éirigh mo chroí chomh héadrom Leis an eala ar an chraobh Ó is mo chairde gaoil gur thréig mé Mar gheall ar mhnaoi is ní bhfuair mé í Is d'imigh sí mar éan bheag Faoi bharra na gcraobh Mar bhí seabhac na coille léithe Sionnach mór Bhinn Éadain Roilleach faoi na sléibhte An naosc is an chearc fhraoigh Málainn, Cúl Iomra Sliabh Gabhra gur shiúil mé D'ansacht ní bhfuair mé Is mo shúile gur dhall Go ndeachaigh mé go múrtha an teampaill Is as sin siar go Laighnibh Go haonach mór Bhinn Éadain Is ní ann a bhí mo ghrá